Iarla Ó Muirthile

Is amhránaí ar an sean-nós agus píobaire é Iarla Ó Muirthile, a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath. Tá a mhuintir fréamhaithe i saol na Gaeilge agus bhí a thuismitheoirí, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Liam Ó Muirthile, an-ghníomhach i gcúrsaí litríochta. Bhuaigh Iarla duaiseanna ag Feiseanna agus Fleánna éagsúla agus é ina bhuachaill óg agus chothaigh múinteoirí ar nós Máire Ní Choilm a spéis san amhránaíocht. Mar dhuine fásta, glacann sé páirt i seisiún Amhránaithe an Chlub agus An Góilín (club amhránaíochta) agus i seisiúin eile san ardchathair. Bhain sé duais don tríú háit ag Oireachtas na Samhna 2022 agus don dara háit sa bhliain 2023 (Comórtas na bhFear faoi 35). Is múinteoir é Iarla, a bhfuil an-spéis aige i gcúrsaí staire agus i traidisiún an cheoil. Baineann na hamhráin atá aige le traidisiún saibhir na Mumhan agus is breá leis taighde a dhéanamh ar na seanamhráin agus leaganacha éagsúla a lorg.

Iarla is a sean-nós singer and a piper born and raised in Dublin. His family are rooted in the Irish language and its literature. As a boy, Iarla won several competitions at Festivals and at the Fleadh Cheoil. He is an active member of Amhránaithe an Chlub, a singing group that comes together in Conradh na Gaeilge on Harcourt Street the first Thursday of each month. He placed third and second in Oireachtas na Samhna 2022 and 2023 respectively in the men’s under 35 competition. Iarla is a qualified teacher and has a keen interest in the history and tradition of his songs, which primarily focuses on the cultural tapestry of Munster.